An teach atá cónaí air ann, tuí a bhí ar dtús ach coiríodh ansin é agus cuireadh sclátaí air. Tithe cionn tuí uilig a bhí acu sa tsean am. Bhíodh siad le ceangail síos nuair a bhíodh an aimsir garbh, mar a bhíodh le cruacha féir fosta. Bhí fómhar ag gach teach fosta, cuibhrinn choirce. An Fómhar agus tógáil na gcruach. Ainmneacha ag baint le sábháil an fhómhair. Strapaí, sopóga, stucaí agus casadh an tsúgáin le rópaí féir a dhéanamh. Sceimheal – an áit a dtosaíodh an chruach ag teacht isteach. Bhítí ag baint le corráin ar dtús ach speal is mó. Bhí se tábhachtach faobhar maith a bheith ar an speal. Chuirtí tuí ar na cruacha ansin. Cuntas maith ar seo uilig. | 00:11:42 | |